Tugann Gradam Fhoras na Gaeilge aitheantas do mhic léinn a bhfuil an Ghaeilge mar chroílár dá saol, féiniúlacht agus fís don todhchaí. Tugann Gradam Fhoras na Gaeilge aitheantas do mhic léinn a chuireann an Ghaeilge i lár a saoil laethúil, a bhféiniúlachta chultúrtha agus a bhfís don todhchaí. Ceiliúrann an gradam an tiomantas agus an dílseacht atá acu don teanga, bíodh sé trí rannpháirtíocht i saol na hollscoile, obair pobail, cruthaitheacht nó ceannaireacht teanga. Is deis í chun buíochas a ghabháil leo siúd atá ag cothú agus ag cur chun cinn na Gaeilge ar bhealach dearfach agus inspioráideach.
.png)

D’fhéadfá deis a bhuachan le haghaidh taithí oibre le Foras na Gaeilge! Ní hamháin sin, ach gheobhaidh tú rogha acmhainní agus ábhar Gaeilge freisin, chomh maith le deiseanna féideartha meantóireachta i réimse a bhfuil suim agat ann.
Idir an fhoclóireacht, foilsitheoireacht, oideachas, na meáin, pleanáil teanga agus an teicneolaíocht…. léireoidh ár mbuaiteoir tuiscint ar shuíomh reatha na Gaeilge agus fís nuálach chun í a a threisiú sa todhchaí.
.png)
Ar an dara lá de mhi na Nollag 1999 bunaiodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freag rach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.
Tá Foras na Gaeilge bródúil as a ról i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtai poibli agus grúpaí eile sna hearnálacha príobháideach a agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge, chomh maith leis na tionsca dail tacaiochta a churineann siad ar bun agus cúnamh deontais a thugann siad do ghrúp ai agus do chomhlachtai ar fud oileán na hÉireann.
Tri Ghradam Fhoras na Gaeilge, tá súil ag Foras na Gaeilge nuálaithe atá ag teacht chun cinn a aithint agus tacú leo le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge a fhorbairt.